Bhí ana-sheachtain ag Pobal na Scoile i rith Seachtain na Gaeilge 2026.
Eagraíodh iliomad imeachtaí i rith na seachtaine ina measc : Comórtas "Cé hé mise?" ar an gcallaire gach lá, Turas Pictiúrlainne go Beanntraí chun féachaint ar An Cailín Ciúin, Seisiún Ceoil, Rince agus Amhránaíochta san LRC, Rince Céilí, Comórtas Postaer, Tóraíocht Taisce, Tae agus Plé, Comórtas Amhránaíochta Idir na Ranganna agus Maidin Ghaelach sa Seomra Foirne.
Maith sibh gach duine a bhí rannpháirteach agus a bhain triail as an nGaeilge a labhairt, a chéiliúradh agus a chur chun cinn i rith na seachtaine!